Clinton, Yeltsin agus Paisley
Tógtar Clinton, Yeltsin agus Paisley suas chun na bhflaitheas sa lift neamhaí agus tugtar i láthair an Fhir Mhóir iad. "Táim seacht sean dubh dóite den mhíghníomhaíocht ar fad atá ar siúl thíos ansin," ar Seisean. "I gceann trí lá déanfaidh mé smidiríní den Talamh. Chuir mé fios oraibh chun go mbeadh deis agaibh dul ar an teilifís agus fainic a chur ar an saol mór, le go mbeidh seans acu aithreachas a dhéanamh."
Tugtar ar ais chun an Talaimh iad, agus nochtann siad arís ina n-ionaid féin faoi seach (osnaí faoisimh ó na gardaí cosanta). Is é Clinton an chéad duine acu a théann ar an tiúb: "Tá dea-scéal agam daoibh, agus drochscéal. Is é an dea-scéal ná go bhfuil Dia ann. An drochscéal ná go ndéanfaidh Sé an Talamh a scriosadh faoi cheann trí lá."
Is le Yeltsin ansin: "Tá drochscéal agam, agus fíor dhrochscéal. Is é an drochscéal ná go bhfuil Dia ann, tar éis an tsaoil. An fíor dhrochscéal ná go bhfuil sé ar intinn Aige an domhan go léir a scriosadh i gceann trí lá.
Téann Ian Mór os comhair na gceamaraí faoi dheireadh: "Tá dea-scéal agam, agus fíor dhea-scéal. Is é an dea-scéal ná go bhfuil Dia tar éis cruthúnas eile a thabhairt dúinn go bhfuil Sé ann. An fíor dhea-scéal ná nach mbeidh Éire Aontaithe ann go deo!"
siamsa
************************
Dieu et Mitterrand
Téann Mitterrand ar neamh, mar a bhfuil Dia É Féin ag fanacht leis. Deir Dia leis go tromchúiseach:
"Éist go cúramach. Ar talamh, cheap tú gur dhia thú. Scéal eile ar fad anseo. Níl ach dia amháin ann agus is Mise É!"
Freagraíonn Mitterrand go séimh:
"Ceart go leor. Fadhb ar bith. Ach cogar mé seo, cathain a bheas
an chéad toghchán eile?"
******************************
An Geall
Chuaigh Tadhg Ó Bánasa as Corca Dorcha isteach i dteach tábhairne sa gcathair, agus dúirt sé leis an óstóir,
"Cuirfidh mé deich bpunt leat gur féidir liom greim fiacla a bhreith ar mo shúil dheas."
"Ceart go leor," a deir an t-óstóir.
Leis sin, bhain Tadhg a shúil ghloine amach agus chuir sé idir a chuid fiacla í.
Tamall ina dhiaidh sin, d'iompaigh sé chun an óstóra arís:
"Cuirfidh mé geall leat gur féidir liom greim fiacla a bhreith ar mo shúil eile."
Rinne an t-óstóir smaoineamh agus dúirt se leis féin nárbh fhéidir go raibh an dara súil ghloine ag an bhfear seo, mar ní raibh sé á iompar féin mar dhall ar chor ar bith.
"Ceart go leor," a deir an t-óstóir.
Céard a rinne mo dhuine ansin ach a chuid fiacla bréige a bhaint amach agus greim a bhreith ar a shúil eile.
Níos faide anonn san oíche, chuir Tadhg Ó Bánasa caint ar an óstóir uair amháin eile:
"Tabharfaidh mé seans duit do chuid airgid a fháil ar ais. Cuirfidh mé an ghloine seo ar an mbeár agus múnfaidh mé isteach inti ón taobh eile den líne úd thall."
Chúlaigh Tadhg agus . . . theip air go hiomlán an marc a aimsiú. Bhí an t-óstóir sna trithí gáire. D'fhiafraigh sé de Thadhg bocht cén fáth ar chuir sé geall chomh hamaideach.
"An bhfeiceann tú na fir úd thall? Chuir mise céad punt leo go múnfainn ar do bheár agus go ndéanfá gáire croíúil."